Let’s Cycle Ireland le Páidí Ó Lionáird

Páidí Ó Lionáird

Príomh Fhó-Eagarthóir TG4 agus RTÉ

Lúb Indreabháin

Bunáit ➤ Indreabhán | 1 Lá
Oiriúnach do  Daoine aonair, grupaí beaga agus clubanna
Buiséidt ➤ €70 – €90 i lóistín Leaba agus Bricfeasta

Lúb Indreabháin

Páidí Ó Lionáird

Príomh Fhó-Eagarthóir TG4 agus RTÉ

Clicéail anseo chun liosta den lóistín is fearr in Indreabhán a fháil

Tá an t’adh liom go bhfuil deis faighte agam triail a bhaint as iliomad bóithre, bóithríní agus cosáin ar fud an oileáin seo – thuaidh, theas, thoir agus go háirithe san iarthar mar a bhfuil cónaí orm. I measc na gcamchuairteanna is fearr liom, tá slí an R336 ó m’bhaile in Indreabhán, ó dheisceart go tuaisceart Chonamara agus fiú sciar de Dhúiche Sheoigeach san áireamh.

Meabhraíonn an camchuairt seo maidin Dhomhnaigh dom – i gcomhluadar mo chairde agus comh-bhaill cumann Rothaíochta na Gaeltachta (Gaeltacht CC). Tóg an R336 siar go Casla, suas go Scríob, ó thuaidh go Teach Dóite agus as san go Mám. Glac sos anseo agus rogha caifé nó tae i siopa Uí Chatháin, áit a mbeidh comhluadair agat le muintir na háite agus iad ag filleadh ón aifreann agus beag aird acu ar fhir meán-aosta gléasta i líocra.

Braitheann na chéad chéimeanna eile ar neart na gcos.

Siar as seo i dtreo an Líonáin, suite ag barr an t-aon fiord in Éirinn – an Caoláire Rua. Leath-bealach go dtí’n Líonán, tá casadh ó thuaidh más maith leat ar an L1301 agus an L1601 – bóthair draíochtúil, ciúin a thógfaidh ag dreapadh suas i dtreo Dúiche Sheoigeach tú. Ní fada go bhfeicfidh tú Loch na Fuaiche – loch caol, galánta, maorga mar a bhfuil brat sléibhte ar gach taobh agus loch a bheireann greim ar sholas díomhair an iarthair.

Lean ort ó dheas ar an E300, go Fionnaithe, Cloch Bhreac agus Cnoc na nÉan ar do chlé agat. Isteach go dtí’n Fháirche agus ar dheis ar an R345 a thabharfaidh le fána gleoite tú síos le hais Loch Coirib agus isteach go Corr na Móna. Lean ort i dtreo Chnoc Mháiméan a’ Ghabhair agus síos arís le fána go Mám.

Más mian leat an lúb sin a fhágaint ar lár agus dul go Líonán, déan agus tóg an R336 an tslí ar fad. Cas ar chlé ar an N59, bóthar le cósta an Chaoláire Rua i dtreo Leitir Fraic. 4cm roimhe sin, cas fá chlé ar an R344 – bóthar Ghleann Eidhneach – bóthar fada, caol ach dromchla maith agus radharcanna breátha shliabhraon Mhám Toirc. Féasta céadfach é ‘n aistear seo. Ní bheidh de chomhluadar anseo agat ach caoire na gcnoc agus corr-thurasóir a bhfuil eolas na slí acu.

A luaithe agus a nochtann Loch Eidhneach é féin don tsúil ar dheis, tiocfaidh tú ar theach ósta breá ar chlé – Lóiste Loch Eidhneach, (Lough Inagh Lodge). Tapaigh an deis agus tóg sos agus faoiseamh ón láthair fíorálainn atá acu. Gheobhair biachlár álainn freisin – seabhdar mara, ceapairí bradáin agus crúba portáin ina measc…le tae, caifé, piúnt nó gloine fíona, beidh neart sna cosa le h-aghaidh a thabhairt ar an mbóthar abhaile. Lean ort as seo go Sraith Salach, go Teach Dóite, ar dheis arís go Scríob agus ar ais go hIndreabhán via Casla. Níl a shárú le fáil le maidin Dhomhnaigh (nó aon lá eile) a chaitheamh.

Páidí Ó Lionáird
Príomh Fho-Eagarthóir, Nuacht RTÉ & TG4

Breis eolais uait? 

Corr na Mona

Deacracht ➤ Measartha

Achar ➤ 116 cilímeadar

Dreapadh ➤ 5,361m

Indreabhán – Casla – Scríob – Teach Dóite – Mám – An Caolaire Rua – Loch na Fuaiche – Fionnaithe – Corr na Mona – Mám – Teach Dóite – Scríob – Casla – Indreabhán

Lóiste Loch Eidhneach

Deacracht ➤ Measartha

Achar ➤ 116 cilímeadar

Dreapadh ➤ 5,361m

Indreabhán – Casla – Scríob – Teach Dóite – Mám – An Líonáin – Gleann Eidhneach – Sraith Salach – Teach Dóite – Scríob – Casla – Indreabhán

Ceist agat faoin bhealach seo a roinn Páidí Ó Lionáird? Scríobh chugainn!

New Routes & Updates

Please untick if you don’t want to hear from us
0
    0
    Your Cart
    Your cart is emptyReturn to Tours